Skip to content
PodSubs
ShowsPeopleGuestsJobsNewsEvents
More
BlogPodCred
Menu
ShowsPeopleGuestsJobsNewsEventsBlogPodCredNetworksSign in
Join nowSign in
  • Shows
  • People
  • Jobs
  • News
  • More
    • Guests
    • Events
    • Blog
    • PodCred
    • Networks
    Join nowSign in

Nuacht Mhall

Nuacht Mhall artwork

17 Deireadh Fómhair 2026 (Baile Átha Cliath)

Oct 17, 20264 minAudio
ShareXLinkedInFacebookWhatsAppEmail

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an seachtú lá déag mé mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Liam Ó Brádaigh. Tá an foilsitheoir, Faber, tar éis ráiteas a eisiú ag deimhniú nach mbeidh siad ábalta leabhair Sally Rooney a chur ar fáil do shiopaí leabhair sa Ríocht Aontaithe mar gheall ar an tacaíocht phoiblí a thugann Rooney don eagraíocht ‘Palestine Action’. I mí Iúil 2025, cuireadh an grúpa agóide gníomhaíochta dírí, Palestine Action, faoi chois sa Ríocht Aontaithe mar eagraíocht sceimhlitheoireachta. Ó shin i leith, tá breis agus 3,500 duine sa Ríocht Aontaithe curtha faoi ghabháil as tacaíocht a léiriú don ghrúpa. Tá sé ráite ag Rooney go bhfuil sé i gceist aici cuid de na ríochíosanna óna saothar a bhronnadh ar Palestine Action, agus go bhfuil an baol ann, dá bhrí sin, go sáróidh sí an dlí má fhanann a cuid leabhar ar fáil sa Ríocht Aontaithe. Tá rabhadh tugtha ag ceannairí ceardchumann go bhféadfadh “díospóid fhada dheacair” a bheith i ndán d’Éirinn mura dtagtar ar réiteach sna cainteanna pá. Chuaigh 300,000 seirbhíseach poiblí, ina measc altraí, dochtúirí, múinteoirí agus státseirbhísigh, ar stailc Dé Céadaoin. Dúnadh scoileanna, cuireadh coinní ospidéil ar ceal agus bunaíodh línte picéid ar fud na tíre le linn na stailce 24 uair an chloig. Dúirt an Taoiseach, Micheál Martin, go bhfuil an Rialtas “oscailte do chaibidlíocht leis na ceardchumainn i ndiaidh na gníomhíochta tionsclaíche. Gearradh pianbhreith 15 bliana ar iar-cheannaire an Pháirtí Aontachtaigh Daonlathaigh Déardaoin, tar éis dó a bheith ciontaithe in 18 gcúis a bhain le mí-úsáid ghnéis, éigniú san áireamh, in aghaidh beirt bhan nuair a bhí siad ina bpáistí. Beidh Donaldson ag cur a phianbhreithe de i bPríosún Maghaberry, in aice le Lios na gCearrbhach, ach ní chaithfidh sé ach leath na tréimhse sin taobh thiar de bharraí. Dúirt Catherine Kierans, ceannaire an PSNI, go léiríonn an cás gur féidir mí-úsáid ghnéasach a cheilt taobh thiar de chló na hurraime, ach freisin “nach bhfuil aon duine - is cuma cén post, stádas nó cáil phoiblí atá acu - thar theacht an dlí.” * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS grúpa agóide gníomhaíochta dírí - direct action protest group ríochíosanna - royalty payments ceannairí ceardchumann - trade union leaders caibidlíocht - negotiation pianbhreith - sentence cló na hurraime - impression of respectability

Audio and video play straight from the show's own hosting. PodSubs stores and serves no media.

Hosts and Guests

Nobody is credited on this episode yet.

Credit the people on this episode

Be the first to rate this episode

More episodes

All episodes
  1. 21 Samhain 2026 (Liatroim)

    Nov 21, 202611 minAudio

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an chéad lá is fiche de mhí na Samhna. Is mise Órla Nic Con na Búille. Lean cainteanna aeráide COP31 in Antalya ar aghaidh thar an spriocdháta oifigiúil...

    Credit the people on this episode

  2. 14 Samhain 2026 (Luimneach)

    Nov 14, 20266 minAudio

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an ceathrú lá déág de mhí na Samhna. Is mise Sibéal Dempsey. In Éirinn, cuireadh pleananna le haghaidh stailc san earnáil phoiblí ar fionraí an...

    Credit the people on this episode

  3. 7 Samhain 2026 (Tír Eoghain)

    Nov 7, 202611 minAudio

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an seachtú lá de mhí na Samhna. Is mise Niall Ó Siadhail. Bhí caint ar 'Shúnamaí Gorm' an tseachtain seo agus an Páirtí Daonlathach chun tosaigh i...

    Credit the people on this episode

  4. 31 Deireadh Fómhair 2026 (Maigh Eo)

    Oct 31, 20268 minAudio

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu oíche Shamhna. Is mise Oisín Mac Conamhna. Bhí olltoghcháin thábhachtacha ar siúl an tseachtain seo, saBhrasaíl agus in Iosrael. San Bhasaíl, bhí an dara...

    Credit the people on this episode

  5. 24 Deireadh Fómhair 2026 (Dún na nGall)

    Oct 24, 20265 minAudio

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an ceathrú lá is fiche de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. Bhí eagraíochtaí agus gnóthaí ag déanamh deifir le huasdátú a dhéanamh ar...

    Credit the people on this episode