Skip to content
PodSubs
ShowsPeopleGuestsJobsNewsEvents
More
BlogPodCred
Menu
ShowsPeopleGuestsJobsNewsEventsBlogPodCredNetworksSign in
Join nowSign in
  • Shows
  • People
  • Jobs
  • News
  • More
    • Guests
    • Events
    • Blog
    • PodCred
    • Networks
    Join nowSign in

Nuacht Mhall

Nuacht Mhall artwork

31 Deireadh Fómhair 2026 (Maigh Eo)

Oct 31, 20268 minAudio
ShareXLinkedInFacebookWhatsAppEmail

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu oíche Shamhna. Is mise Oisín Mac Conamhna. Bhí olltoghcháin thábhachtacha ar siúl an tseachtain seo, saBhrasaíl agus in Iosrael. San Bhasaíl, bhí an dara babhta den toghchán uachtaránachta idir Luiz Inácio Lula da Silva, an sealbhóir, agus Flávio Bolsonaro, mac an iar-uachtaráin Jair, atá faoi bhraighdeanas baile ar feadh fiche seacht mbliana tar éis coup a iarraidh i ndiaidh an toghchán dheirneanaigh. Bhí FlávioBolsonaro chun tosaigh sa chéad bhabhta, acht den chéad uair ó ghlac an Bhrasaíl leis an daonlathas sna hochtóidí, níor éirigh le buaiteoir an chéad bhabhta sa dara babhta, agus tháinig Lula ó chúl chun an toghchán a bhuachaint, ar thoradh 51.79% in aghaidh 48.21% do Bolsonaro. Dé Céadaoin i ndiaidh an toghcháin, agus in ainneoin ordú cúirte a phas a ghéilleadh mar chuid d’fhiosrúchán sciúrtha airgid, theith Flávio Bolsonaro ón mBrasaíl go dtí na Stáit Aontaithe, agus dúirt sé gur seisean an “fíor uachtarán tofa”, ráiteas a cáineadh agus a magadh go mór i meáin na Brasaíle. Bhí olltoghchán in Iosrael Dé Máirt, an chéad cheann ó tharlaionsaí Hamas ar an seachtú lá de mhí Dheireadh Fómhair 2023, an léirscrios Gaza agus na cogaidh éagsúla eile a tharla inadhiaidh. In aghaidh na sealbhóra, Benjamin Netanyahu agus a bhloc go mór ar an eite dheas, bhí bloc an fhreasúra, faoi cheannaireacht Gadi Eisenkot, iarcheann foirne airm Iosrael a chaill a mhac in Gaza, agus na páirtithe Arabacha. Vótáil 77.7% de na toghthóirí, an líon is airde ó bhí 1999 ann. Tá córas ionadaíocht chionmhar in olltoghcháin in Iosrael, agus níor bhain éinne tromlach de 61 suíocháin amach. Fuair an bloc le Netanyahu 53 suíocháin, an bloc le Eisenkot 48, agus na páirtithe Arabacha naoi gcinn déag. Dúirt Likud, an páirtí le Netanyahu, go raibh na páirtithe Arabacha ag iarraidh an t-olltoghchán a ghoid, tar éis dóibh an toradh is fear riamh a fháil. Anois beidh tréimhse idirbeartaíochta idir na páirtithe éagsúla chun rialtas a chur le chéile. Bhí searmanas bronnta shárimreoirí peile agus iománaíochta nabliana ar siúl san RDS i mBaile Átha Cliatha oíche Dé hAoine. Sa pheil, fuair curaidh na hÉireann sé áit ar fhoireann na bliana. Fuair Ciarraí trí cinn, agus fuair an Iarmhí, Lú, Ard Mhacha, Tír Eoghain, Baile Átha Cliatha agus Muineachán ceann amháin an contae. Roghnaíodh Ryan O’Donoghue ó Bhéal an Mhuirthead, laochna himeartha an chluiche ceannais, mar pheileadór na bliana; agus roghnaíodh Darragh Beirne ó Chlár Chlainne Mhuiris, a d’aimsigh a cúl cáiliúil sa chluiche ceannais a chuir Muigh Eo chun tosaigh go cinniúnach, mar pheileadór óg na bliana. San iománaíocht, fuair Luimneach naoi ngradam ar fhoireann na bliana, tar éis feachtas ceannasach; fuair Gaillimh trí cinn, Corcaigh dhá cheann, agus an Clár ceann amháin. Fuair Gearóid Hegarty, ó chathair Luimnigh, gradam iománaí na bliana, agus bronnadh an gradam d’iománaí óg na bliana ar Jason Rabitte ó Bhaile Átha an Rí. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS faoi bhraighdeanas baile - under house arrest daonlathas - democracy toghthóirí - voters ionadaíocht chionmhar - proportional representation curaidh na hÉireann - champions of Ireland cinniúnach - decisive

Audio and video play straight from the show's own hosting. PodSubs stores and serves no media.

Hosts and Guests

Nobody is credited on this episode yet.

Credit the people on this episode

Be the first to rate this episode

More episodes

All episodes
  1. 21 Samhain 2026 (Liatroim)

    Nov 21, 202611 minAudio

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an chéad lá is fiche de mhí na Samhna. Is mise Órla Nic Con na Búille. Lean cainteanna aeráide COP31 in Antalya ar aghaidh thar an spriocdháta oifigiúil...

    Credit the people on this episode

  2. 14 Samhain 2026 (Luimneach)

    Nov 14, 20266 minAudio

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an ceathrú lá déág de mhí na Samhna. Is mise Sibéal Dempsey. In Éirinn, cuireadh pleananna le haghaidh stailc san earnáil phoiblí ar fionraí an...

    Credit the people on this episode

  3. 7 Samhain 2026 (Tír Eoghain)

    Nov 7, 202611 minAudio

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an seachtú lá de mhí na Samhna. Is mise Niall Ó Siadhail. Bhí caint ar 'Shúnamaí Gorm' an tseachtain seo agus an Páirtí Daonlathach chun tosaigh i...

    Credit the people on this episode

  4. 24 Deireadh Fómhair 2026 (Dún na nGall)

    Oct 24, 20265 minAudio

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an ceathrú lá is fiche de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. Bhí eagraíochtaí agus gnóthaí ag déanamh deifir le huasdátú a dhéanamh ar...

    Credit the people on this episode

  5. 17 Deireadh Fómhair 2026 (Baile Átha Cliath)

    Oct 17, 20264 minAudio

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an seachtú lá déag mé mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Liam Ó Brádaigh. Tá an foilsitheoir, Faber, tar éis ráiteas a eisiú ag deimhniú nach mbeidh siad...

    Credit the people on this episode