Skip to content
PodSubs
ShowsPeopleGuestsJobsNewsEvents
More
BlogPodCred
Menu
ShowsPeopleGuestsJobsNewsEventsBlogPodCredNetworksSign in
Join nowSign in
  • Shows
  • People
  • Jobs
  • News
  • More
    • Guests
    • Events
    • Blog
    • PodCred
    • Networks
    Join nowSign in

Nuacht Mhall

Nuacht Mhall artwork

24 Deireadh Fómhair 2026 (Dún na nGall)

Oct 24, 20265 minAudio
ShareXLinkedInFacebookWhatsAppEmail

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an ceathrú lá is fiche de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. Bhí eagraíochtaí agus gnóthaí ag déanamh deifir le huasdátú a dhéanamh ar a gcuid córas, tar éis do lochtanna cibearshlándála a tháinig chun solais i dteanga ríomhchlárúcháin, PHP, atá in úsáid go coiteann ar fud an domhain. Tarraingíodh suíomhanna idirlíne as líne Dé Céadaoin agus Déardaoin i ndiaidh fógra ó forbróirí PHP gur thánghas ar “leochaileachtaí criticiúla” sa chúlteanga, atá úsáidte i bhfórbairt ghréasáin leis na blianta fada anuas. Níor tuairiscíodh ionsaithe rathúla go dtí seo, ach deir saineolaithe nach mbeidh an tionchar le feiceáil go soiléir go ceann tamaill, b’fhéidir i gceann míonna. Mar gheall air sin, tá eagraíochtaí ag cur paistí i ngníomh - ach ní chomh gasta is a bheadh ag tnúth leis go domhanda. In Éirinn le linn na seachtaine, thug an Stiúrthóireacht Naisiúnta um Bainistíocht Dóiteáin agus Éigeandála rabhadh faoi thuillte agus coinníollacha deacra taistil mar gheall ar Stoirm Austen. Bhí údaráis áitiúla i mbun ullmhúcháin i rith an lae Déardaoin, le haghaidh fearthainn throm agus gaoth a bhaineann leis an stoirm. Thug Met Éireann foláireamh faoi bhaol tuillte suntasach dá bharr duilleoga tite agus draenacha blocáilte. Dúirt réamhaisnéiseoir sinsearach Met Éireann, Gerry Murphy, nach mbeidh “fíorlagú” ar an fhearthainn i rith an deireadh seachtaine agus go mbeifear ag tnúth le coinníollacha gaofara ag maratón Bhaile Átha Cliath Dé Domhnaigh. Fógraíodh gearrliosta 2026 de Ghradaim Leabhar na hÉireann An Post, agus ainmniúcháin do scríbhneoirí agus maisitheoirí leabhar thar 19 catagóir. Is iad ficsean, stair, beathaisnéis, neamhfhicsean, stíl mhaireachtála, spórt, coirscéalta, leabhair do pháistí, litríocht do dhéagóra agus d'aosaigh óga, fiscean Gaeilge, filíocht agus gearrscéaltaí na catagóirí atá i gceist. Tugann na gradaim aitheantas do leabhair agus dá gcruthaitheoirí i scríbhneoireacht na hÉireann atá aitheanta agus agus atá ag teacht chun cinn. Tá cúig leabhar ar an liosta do Gradam Love Leabhar Gaeilge Leabhar Ficsin Gaeilge na Bliana: Faraor Géar nár Cailleadh Mé le Micheál Ó Conghaile; Rúnaí an Aire le Brian Ó Tiomáin; Eoghan Béal le Darach Ó Scolaí, ealaín le Alé Mercado; Sí le Seán Ó Muireagáin agus An Cláirseoir le Diarmuid Johnson. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS lochtanna cibearshlándála - cybersecurity defects teanga ríomhchlárúcháin - programming language an Stiúrthóireacht Naisiúnta um Bainistíocht Dóiteáin agus Éigeandála - the National Directorate for Fire and Emergency Management réamhaisnéiseoir sinsearach - senior forecaster maisitheoirí - illustrators coirscéalta - crime stories

Audio and video play straight from the show's own hosting. PodSubs stores and serves no media.

Hosts and Guests

Nobody is credited on this episode yet.

Credit the people on this episode

Be the first to rate this episode

More episodes

All episodes
  1. 21 Samhain 2026 (Liatroim)

    Nov 21, 202611 minAudio

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an chéad lá is fiche de mhí na Samhna. Is mise Órla Nic Con na Búille. Lean cainteanna aeráide COP31 in Antalya ar aghaidh thar an spriocdháta oifigiúil...

    Credit the people on this episode

  2. 14 Samhain 2026 (Luimneach)

    Nov 14, 20266 minAudio

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an ceathrú lá déág de mhí na Samhna. Is mise Sibéal Dempsey. In Éirinn, cuireadh pleananna le haghaidh stailc san earnáil phoiblí ar fionraí an...

    Credit the people on this episode

  3. 7 Samhain 2026 (Tír Eoghain)

    Nov 7, 202611 minAudio

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an seachtú lá de mhí na Samhna. Is mise Niall Ó Siadhail. Bhí caint ar 'Shúnamaí Gorm' an tseachtain seo agus an Páirtí Daonlathach chun tosaigh i...

    Credit the people on this episode

  4. 31 Deireadh Fómhair 2026 (Maigh Eo)

    Oct 31, 20268 minAudio

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu oíche Shamhna. Is mise Oisín Mac Conamhna. Bhí olltoghcháin thábhachtacha ar siúl an tseachtain seo, saBhrasaíl agus in Iosrael. San Bhasaíl, bhí an dara...

    Credit the people on this episode

  5. 17 Deireadh Fómhair 2026 (Baile Átha Cliath)

    Oct 17, 20264 minAudio

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an seachtú lá déag mé mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Liam Ó Brádaigh. Tá an foilsitheoir, Faber, tar éis ráiteas a eisiú ag deimhniú nach mbeidh siad...

    Credit the people on this episode